8 nGníomhaíocht Spraíúla agus Spreagúla do Dhuine a bhfuil Néaltrú orthu


Nuair a chuirtear na céimeanna éagsúla de néaltrú atá ann san áireamh, tá roinnt gnáth ghníomhaíochtaí ann ar féidir taitneamh a bhaint astu ag céim ar bith. B’fhéidir go mbeidh freastal áirithe le déanamh ar an úsáideoir, ach is féidir na gníomhaíochtaí seo a bheith an-mhealltach agus an-spreagúil.

  • Déan rud éigin a bhácáil nó déan béilí a chócaráil le chéile. Coimeád simplí é agus tabhair spreagadh do do dhuine muinteartha. Go háirithe má thaitin sé leo i gcónaí rudaí a bhácáil nó a chócaráil. Gníomhaíocht iontach é seo chun cabhrú leo a bhraistint go bhfuil éacht déanta acu.
  • Seinn ceol a thaitníonn le do dhuine muinteartha. Can leo nó fiú bí ag damhsa leo. Is féidir le cumhacht an cheoil i gcúram néaltraithe tionchair an-dearfacha a imirt.
  • Léigh leo nó dóibh. Léigh leabhar nó scéal ar gnách go mbaineann siad taitneamh astu agus a bhfuil cur amach acu orthu, b’fhéidir go músclóidh sé roinnt cuimhní nó comhrá.
  • Tarraing pictiúir, déan rud éigin a phéinteáil, déan puzail, nó imir cluichí. D’fhéadfadh seo a bheith spraíúil agus suaimhneach do dhaoine áirithe, ach coimeád súil ar do dhuine muinteartha agus deimhnigh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil taitneamh á bhaint acu as mar gheall go bhféadfaidís éirí trína chéile.
  • Féach ar chlár teilifíse, scannán, nó físeáin den teaghlach. D’fhéadfadh seo a bheith spreagúil agus comhrá suimiúil a chothú nó cuimhní iontacha a mhúscailt.
  • Déan roinnt garraíodóireachta. D’fhéadfadh bláthanna a chur don earrach a bheith teiripeach agus bealach iontach é chun beagán gníomhaíocht choirp bhreise a spreagadh agus am a chaitheamh taobh amuigh freisin.
  • Bíodh peata agat. Cothaíonn peata a bheith sa bhaile suaimhneas agus socaireacht i gcás go leor daoine. Is iomaí tairbhe a chruthaíonn peataí do sheanóirí. Ach tá sé ríthábhachtach go mbíonn duine éigin ar fáil lena chinntiú go bhfuil aire cheart á tabhairt don pheata i gcónaí. I gcás othair néaltraithe aibithe a raibh ainmhithe timpeall orthu, d’fhéadfadh ainmhí stuáilte suaimhneas agus compord a chruthú dóibh freisin.
  • Téir ar thuras gearr faoin dúlra. Slí iontach agus simplí é seo le ham a chaitheamh le chéile. Is cuma más siúlóid nó turas i gcathaoir rothaí é seo, cuireann dul ar thóir aer úr rud éigin ar fáil le déanamh le do dhuine muinteartha pé uair is féidir.

No comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *