Ní deas an rud é nuair a bhíonn uaigneas ar dhuine muinteartha aosta. Bíonn na laethanta fada agus leadránach ar dhaoine aosta a mhaireann leo féin. Cé gur féidir le daoine muinteartha cuairt a thabhairt gach lá, d’fhéadfadh go mbraitheann do dhuine muinteartha an-uaigneach, amanna.

Is féidir le peata a bheith ag daoine aosta, nó trí pheata a uchtáil, comhluadar iontach a sholáthar dóibh. D’fhéadfadh madra nó cat cairdiúil a bheith mar chomhluadar leo gach lá tairbhe a chruthú don duine agus don pheata.

Is féidir leis an méid seo a leanas cabhrú le daoine aosta an cinneadh a dhéanamh faoi cén peata ba mhó a bheadh oiriúnach dóibh (dá mbeadh peata ar bith oiriúnach dóibh), agus tugtar míniú ar an bhfáth gur féidir le comhluadar peata go leor sásaimh a thabhairt dóibh agus ar na rudaí ba cheart machnamh a dhéanamh orthu nuair a bhíonn peata á roghnú.

Na peataí is oiriúnaí do dhaoine aosta

Níl gach ainmhí ina pheata oiriúnach do dhaoine aosta, go háirithe iad siúd ar gá go leor aire a thabhairt dóibh. Má tá tú ag smaoineamh faoi pheata a fháil do ghaol aosta, seo a leanas roinnt moltaí ar fiú machnamh a dhéanamh orthu:

1. Madraí beaga nó séimhe: Níl roinnt pórtha madraí oiriúnach do dhaoine aosta, ach is féidir le pórtha níos lú agus séimhe, cosúil le brocairí Yorkshire, Smutmhadraí nó Síotsúnna comhluadar cairdiúil a chur ar fáil agus oireann siad go mór d’úinéirí aosta. Is cuma cén pór madra a dhéanann duine aosta a uchtáil, áfach, tá sé ríthábhachtach go dtugtar deis dóibh gach lá aclaíocht a dhéanamh.

2. Cait: Ainmhithe séimhe iad formhór na gcat agus is féidir leo dul i dtaithí gan stró ar mhaireachtáil i dteach agus is dual dóibh beith spraíúil. Is minic go moltar go leor rudaí spraíúla a dhéanamh le agus a sholáthar d’aon chait atá i do theach agus an t-am a chaitheamh ag spraoi leo. Cabhróidh seo leis an úinéir agus an t-ainmhí caidreamh fiú níos dlúithe a fhorbairt.

3. Éin: Peataí thar a bheith freagrúil iad éin tí, cosúil le budragáir agus canáraithe, agus tá budragáir fiú ábalta idirghníomhú ó bhéal lena n-úinéirí tar éis beagán oiliúna a chur orthu. Is fíoréasca aire a thabhairt dóibh agus is gnách go léiríonn siad an-mheas ar a n-úinéirí.

4. Éisc: Cé go mb’fhéidir nach gcuirfeadh éisc in umar uisceadáin an comhluadar céanna ar fáil a chuirfeadh madra nó cat, is féidir le fiú taitneamh a bhaint as féachaint orthu faoileáil go maorga tríd an uisce go leor suaimhnis agus sochmaíochta a chur ar an úinéir. Chomh maith leis sin, gníomhaíocht spraíúil chruthaitheach é a n-umar a eagrú agus rudaí a bhogadh timpeall ann a mb’fhéidir go mbainfidh seanóirí taitneamh as. Agus ní chosnaíonn sé an méid céanna éisc a choimeád i gcomparáid le haire a thabhairt do pheataí eile.

Na tairbhí a chruthaíonn comhluadar peata do dhaoine aosta

Is féidir le peata a bheith ag daoine aosta roinnt tairbhí a chruthú dóibh:

  1. Cabhraíonn comhluadar peata le daoine breacaosta gan a bheith ag braistint go bhfuil siad leo féin, ní hamháin ina dtithe féin ach tríd an duine aosta a spreagadh an peata a thabhairt amach ag siúl agus leanúint le teagmháil a dhéanamh le daoine eile.

2. Is dóchúla go mbeidh daoine aosta gníomhach go fisiciúil má théann siad amach ag siúl gach lá lena bpeataí agus is sláintiúla a bhíonn siad dá bharr.

3. Is dóchúil go mbraithfidh duine aosta go bhfuil cuspóir acu má ghlacann siad le bheith freagrach as peata agus cuirfidh sé lena ngéire mheabhrach mar gheall go mbeidh siad aireach go rialta ar leas an pheata.

4. Níl an dóchúlacht chéanna ann go mbeidh daoine aosta a thugann aire do pheataí thíos le dúlagar agus uaigneas.

Mura bhfuil tú cinnte cibé acu an mbainfeadh nó nach mbainfeadh do dhuine muinteartha tairbhe as peata, déan machnamh ar an méid seo a leanas:

  • Bain triail as iarraidh ar do dhuine muinteartha aire a thabhairt do do pheata féin ar feadh lá nó dhó, b’fhéidir, nó do pheata duine éigin eile a bhfuil aithne acu orthu. Bealach é seo féachaint conas mar a éiríonn le do dhuine muinteartha agus ní chuireann sé brú orthu.
  • Is féidir le roinnt ionaid/grúpaí cúraim do dhaoine aosta cláir theiripe peata a shocrú ina ndéantar gníomhaíochtaí le hainmhithe teiripe, agus b’fhéidir go gcuirfidh roinnt de na heagraíochtaí seo cuairteanna ar an mbaile ar fáil freisin.

No comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *