Daoine cneasta, oilte, gur féidir brath orthu agus muinín a bheith agat astu is ea na Cúramóirí Baile. Is é Cúram Baile Áitiúil an tseirbhís is fearr sa tionscal I dtaobh Cúramóirí den chéad scoth a aimsiú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine aosta sa bhaile agus chun suaimhneas intinne a thabhairt dá dteaglaigh.

Daonra atá ag dul in aois – ROI

Bhí 468,000 duine in aois 65 agus ós a chionn (11% den daonra) in Éirinn nuair a rinneadh daonáireamh 2006. Faoin mbliain 2041, beidh 1.4 milliún duine 65 bliain d’aois agus níos sine in Éirinn (22% den daonra). Is féidir súil le faid saoil 76.8 bliain a bheith ag fear agus 81.6 bliain ag bean, nuair a saolaíotar iad. Dar le 95% d’fhir agus mná atá 70 bliain d’aois nó níos sine go bhfuil sláinte an-mhaith (19%), maith (50%) nó cuibheasach maith (26%) acu. Tá 9.1% de dhaoine 65 bliain d’aois agus níos sine fostaithe go fóill (Ráithe 2 2009).

Fás ar an Méid Daoine a bhfuil Néaltrú (dementia) orthu in Éirinn

Líon measta na ndaoine faoi láthair, agus an fás a deirtear a thiocfaidh ar an líon daoine ar a a bhfuil néaltrú orthu in Éirinn de réir aoisghrúpa, 2011-2046. Bunaítear na meastacháin don bhliain 2011 ar Dhaonáireamh 2011. Bunaítear réamh-mheastacháin don tréimhse ó 2016 go 2041 ar Réamh-Mheastacháin an POS ar an Daonra agus an Fórsa Saothair (2013), 2016-2014, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, Tábla 3, leathanach 40 de ‘Age and gender specific dementia prevalence rates’ le EuroCoDe (2009). (Foinse: Pierce, M. et al. (le foillsiú). Prevalence and Projections of Dementia in Ireland, 2011. Genio Ltd., an Muileann gCearr).

  • 85+ Years
  • 80-84 Years
  • 75-79 Years
  • 70-74 Years
  • 65-69 Years
  • 60-64 Years
  • 30-59 Years

Cuir glaoch orainn agus labhair le duine dár bhfoireann chairdiúil a phléifidh an próiseas chun cúram a shocrú leat, agus a thabharfaidh eolas duit ar ár bpacáistí.

Iarr go dtabharfar cuairt ar do bhaile agus déanfaimid measúnú saor in aisce duit gan dualgas a bheith ort glacadh leis an gcúram.

A luaithe a aontaíonn tú leis, cuirfimid do phacáiste cúraim le cheile agus cuirfimid thú in aithne d’Oibrí Cúraim.

CAD IS FIÚ CÚRAM BAILE ÁITIÚIL A ROGHNÚ? SEIRBHÍSÍ?

Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt duit agus comhairle ionraic a chur ort maidir le do

dhuine muinteartha sa tréimhse leochaileach seo.

1

Saineolaithe Cúraim Laethúil

Tá saineolas againn ar chúram de lá agus d’oíche chun cabhrú le Seanóirí maireachtáil go folláin sa bhaile.
2

Táimid ar fáil 24/7

Táimid ar fáil 24 uair an chloig sa lá chun cúram a sholáthar do do dhuine muinteartha.
3

Suaimhneas Intinne

Tá 97% dár gcliaint sásta lenár seirbhís, de réir suirbhéanna neamhspleácha a dhéantar ar an tionscal.
4

Comhpháirtí Macánta

Dar le saineolaithe gairmiúla atá ag plé le cúram don aosaigh, is é cúram baile áitiúil an rogha is coitianta a mholann siad.
5

Níl aon Chonradh Fadtéarmach i gceist

Is féidir leat Seirbhísí Cúraim Baile Áitiúil a úsáid chomh fada sin agus a bhíonn tú 100% sásta leo. Íoc mar a úsáideann tú
6

Cúram Iomlán Cothrom

Cur chuige uilíoch dírithe ar an nduine féin agus a chuireann sláinte anama, coirp agus aigne san áireamh.
7

Cúramóirí ard-chumasacha

Tá próiseas scagtha i bhfeidhm againn le cinntiú go bhfuil foireann inniúil ar bord againn a shásaíonn na rialacháin reatha sa réimse oibre seo.
8

Cur Chuige Duinelárnach

Pléifimid na rudaí go bhfuil spéis agat iontu chun plean ar leith a oireann duit a chur le chéile.

Níl an ráta sástachta de 97% atá againn ón ár gcliaint le sárú ins an réimse oibre seo.

Léigh thíos tuairimí ár gcliant agus chun níos mó a fhoghlaim faoi na fáthanna gur sinne an soláthraí is fearr cúraim seanóirí sa bhaile.

Sean
Daingean uí chúis
“Táim thar a bheith sásta leis an tsársheirbhís a chuir gach uile chúramóir ar fáil ar bhealach chomh cúramach sin agus ar bhealach a léirigh an-mheas”
Kate
Trá Lí
“Tá muinín againn ár máthair a fhágáil faoi chúram ardchaighdeáin Chúram Baile Áitiúil! Cuireann siad seirbhís iontach ar fáil ar bhealach pearsanta!”
Lilly
cúramóir iníne
“Tá príomhchúramóir mo mháthar iontach ar fad. Tá an t- cúramóir ar fheabhas agus bhí an t-eispéireas, ar an iomlán, thar barr!”