Conas Leanúint le Teagmháil a Dhéanamh le Daoine fad a Bhíonn Scaradh Sóisialta á Dhéanamh


Tá cosc á chur ag go leor ospidéal agus áiseanna cúraim fhadtéarmaigh agus altranais ar fud na tíre ar chuairteanna a thabhairt ar dhaoine mar gheall ar phaindéim Covid-19 chun an pobal leochaileach a chosaint, daoine fásta aosta agus daoine aonair a bhfuil riochtaí sláinte ainsealacha orthu san áireamh. B’fhéidir go mbraitheann seanóirí atá ina gcónaí sna háiseanna seo, chomh maith leo siúd a chónaíonn leo féin, go bhfuil siad an-aonraithe fad a bhíonn an cosc seo ar a dteaghlaigh agus a gcairde cuairt a thabhairt orthu.

Féach thíos chun teacht ar smaointe faoi conas is féidir leat leanúint le teagmháil a dhéanamh leo agus roinnt de na rudaí a dhéanamh a thaitníonn libh sa tréimhse éiginnte seo gan aon bhaol neamhriachtanach a chruthú daoibh féin:

  • Socraigh go gcuireann tú glaonna gutháin rialta orthu. Socraigh go gcuireann tú glaonna rialta orthu ag an am agus ar an lá céanna. Cuireann na comhráite leantacha seo rud éigin ar fáil do gach duine le bheith ag tnúth leis.
  • Tosaigh le litreacha a scríobh. Taitníonn sé le gach duine litir a fháil sa phost. Scríobh faoi na scéalta agus na cuimhní is fearr leat. Má tá tú ag scríobh chuig duine muinteartha níos óige, smaoinigh ar chlúdach litreach a chur ar fáil freisin a bhfuil do sheoladh féin agus stampa air, le hiad a spreagadh scríobh ar ais chugat.
  • Socraigh teicneolaíocht atá éasca le húsáid. Cabhróidh táibléad nó guthán cliste le do theaghlach aipeanna cosúil le FaceTime, Facebook Messenger nó What’s App a úsáid chun físchomhrá a bheith le daoine muinteartha aosta gan stró.
  • Féach ar chlár le chéile — go fíorga. Gné nua é  Netflix Party a cheadaíonn do chairde agus do theaghlaigh féachaint ar scannáin agus cláir theilifíse le chéile. Má tá brabhsálaí Chrome agat ar ríomhaire deisce nó ríomhaire glúine, is féidir leat páirt a ghlacadh i gcóisirí féachana trí URL a sheoladh chucu a thugann cuireadh dóibh páirt a ghlacadh. Is féidir libh caint le chéile i rith an chláir freisin.
  • Freastail ar sheirbhísí reiligiúnacha fíorga. Má fhreastalaíonn tú ar sheirbhísí ceardlainne, de ghnáth, faigh amach an bhfuil seirbhísí ar fáil lena sruthú ar líne.
  • Bain úsáid as an gcárta leabharlainne. B’fhéidir go bhfuil leabharlanna poiblí dúnta, ach tá go leor díobh tar éis cur leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil chun rudaí cosúil le ríomhleabhair, closleabhair agus scannáin a roinnt.
  • Coimeád aigní agus coirp gníomhach. Freastail ar ranganna aclaíochta fíorga — caith súil ar YouTube chun teacht ar ranganna a oireann duit. Idir babhta traenála damhsa agus gnáthaimh ióga, tá go leor rudaí ar fáil a oireann do gach saghas aclaíochta.
  • Tabhairt cuairt ar an domhan mór faoin spéir. Baineadh na srianta ón 5 Bealtaine agus tá cead anois ag daoine a raibh clutharú á dhéanamh acu roimhe seo chun dul lasmuigh le bheith ag siúl nó ag tiomáint, a fhad agus go bhfuil siad laistigh de 5 chiliméadar ón teach agus go seachnaíonn siad teagmháil ar bith a dhéanamh le daoine eile. Is féidir le fiú siúlóid ghearr d’aigne agus do spiorad a athbheochan.

Ní gá go mbeadh teagmháil shóisialta ar bith á déanamh agat mar gheall ar scaradh sóisialta. Ní theastaíonn ach beagán ullmhú agus cruthaitheachta agus tiocfaidh tú féin agus do theaghlach ar bhealaí nua chun do dhaoine muinteartha atá ag dul in aois a choimeád sábháilte agus chun teagmháil leantach a dhéanamh leo.

No comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *