Tacaíocht Bhaile an FSS
Tá Seirbhís Tacaíochta Baile an FSS saor in aisce. Is do dhaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine í den chuid is mó, agus do roinnt daoine níos óige — mar shampla, daoine ar tháinig néaltrú orthu go hóg. Ní gá duit cárta leighis a bheith agat, agus ní dhéantar seiceáil ar d’ioncam.
- Iarr ar d’altra sláinte poiblí, ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar fhoireann an ospidéil, nó déan iarratas chuig oifig tacaíochta baile an FSS i do cheantar
- Is soláthraí tacaíochta baile é Cúram Baile Áitiúil atá ceadaithe ag an FSS
- Má theastaíonn níos mó uaireanta uait ná mar a sholáthraíonn an FSS, is féidir leat uaireanta príobháideacha breise a fháil uainne